Todhchaí na Gaeilge ar Líne

Ní bhraitheann craoltóirí Béarla ar aistriúcháin; is féidir leo píosaí scannáin atá ar fáil trí Bhéarla amháin a chraoladh, fiú amháin agus é mar aidhm acu cultúr agus éagsúlacht sochaí a chur chun cinn. Tá cuma ann nach bhfuil rogha ann ach fotheidil agus dubáil a dhéanamh ar an nGaeilge chun maireachtála beo trí mheáin teilifíse [1]

“audiovisual translation features prominently in Irish language audiovisual post-production activity, particularly on the Irish language television station TG4….viewed as commercial survival…”[2]

An ról a bhaineann le fotheideal ná an lucht féachana is leithne agus is féidir a fháil ach ról na meáin mhionteangacha ná an mhionteanga a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chaomhnú.[3]

Cinnte, laghdaítear an chreidiúnacht sa mheáin Ghaeilge ina meáin theanga mhionlaigh leis sin. Tá ceist mhór i gceist anseo-an iriseoireacht nó aistriúcháin atá i gceist lena meáin Ghaeilge?

Dá bhféachfaimis ar a bhfuil i gceist le polasaí TG4 i leith fotheidil ar an teilifís, tagaimid ar fhreagra. Caithfí glacadh leis i ngach gné den mheáin trí Ghaeilge-sin go bhfuil an Béarla de dhíth i gcónaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn cibé meáin atá i gceist; na meáin thraidisiúnta nó na meáin shóisialta.

Is mian linn cur le líon agus le héagsúlacht fotheideal sa tairiscint seo, le deimhniú go bhfuil seirbhís chuimsitheach ag na grúpaí seo a leanas:

  1. Iad siúd ar bheagán Gaeilge
  2. Iad siúd ar lag éisteacht
  3. Foghlaimeoirí Gaeilge [4]

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ina mbeidh rath le haon mheán trí Ghaeilge, caithfear an dearcadh atá ar an nGaeilge ina mionteanga a athrú.

Fostaíocht: is léir go gcreidfidís ina ngairm féin-ach nach post ag deireadh an lae é?

Seans ann nach gcomhlíontar aidhm na meáin mhionteangacha lena leithead thuas luaite ach de réir Cormack 2007, ní féidir a bheith cinnte faoina héifeachtaí na meáin ar mhionteanga. Is féidir a bheith níos cinnte faoina deiseanna fostaíochta atá ar fáil. [5]

De réir Delap, is mór an taithí a thugtar dóibh siúd ag tosú amach sa mheáin cumarsáide.

“Is féidir a rá gurb ann a fuair go leor d’fhoireann TG4 a gcéad bhlaiseadh den chraoltóireacht. (Raidió na Life etc) Tá an oiread sin de cháil air mar naíonra a thug oiliúint áirithe do chraoltóirí Gaeilge go bhféadfaí an cheist a chur an mó de sheirbhís í do na hiriseoirí féin ná do phobal éisteachta na hardchathrach?  Is ar bhonn deonach a bhíonn na craoltóirí ag feidhmiú den chuid is mó agus is deis iontach dá réir sin é do dhaoine óga uaillmhianacha a bhfuil suim acu a mbeatha a bhaint i dtír sna meáin Ghaeilge amach anseo.” [6]

Uinsionn Mac Dubhghaill agus Bua na Deá-Iriseoireachta

Is deas an rud é taithí na meán a bhaint amach fad is féidir tochailt leis trí scileanna láidir na hiriseoireachta. Tá sé d’intinn Mac Dubhghaill gur chóir béim a chur ar na trí thréith na hiriseoireachta na linne seo: Fís, fuaim agus focal. Dar leisean, níl dabht ar bith ach go bhfuil todhchaí i nGaeilge a chur i bhfeidhm trína meáin shóisialta.  Faoi láthair, tá Mac Dubhghaill bainteach le cúrsa nua MA sa chumarsáid a chruthú le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ina mbeidh béim mhór curtha ar na nithe sin ann. [7]

Na meáin Ghaeilge lonnaithe agus bunaithe sa Ghaeltacht, don Ghaeltacht, ar chúrsaí Ghaeilge

Nuair a tháinig na meáin trí Ghaeilge ar an bhfód, cuireadh fáilte mór roimh sheirbhís iriseoireachta nach raibh bunaithe ar chúrsaí na príomhchathrach;

“Is maith an rud é go bhfuil na meáin Ghaeilge díláraithe ó Bhaile Átha Cliath ach tá cás anois ann go ndéanfaí iad a dhílárú ó Chonamara. B’fhéidir go bhfuil sé in am “súil eile” a aimsiú laistigh den tsúil eile”[8]

É sin ráite, d’éirigh na meáin seo chomhdhírí ar chúrsaí a bhain le ceantair Ghaeltachta amháin agus cuma ann gur leosan amháin í an Ghaeilge;

“Óir TG4, Raidió na Gaeltachta agus Foinse lonnaithe in achomaireacht sé mhíle dá chéile. Tá Telegael, “Ros na Rún” agus GaelMedia soir an bóthair uathu. Ciallaíonn sé sin go bhfuil iriseoirí agus craoltóirí ag fámaireacht thart i gConamara ag lorg líon teoranta scéalta. Tá rian na dtripods le feiceáil ar thaobh an bhóthair agus, mar a dúradh in “Ar Son na Cúise” in Foinse, tá an baol ann go mbeidh níos mó iriseoirí i gConamara ná mar atá clocha!”[4]

Níl ach tús mall curtha leis na meáin shóisialta Ghaeilge go dtí seo ach ní féidir a shéanadh go dtugtar deis do mheáin trí Ghaeilge leathnú a dhéanamh ar na hábhair a chlúdaítear, an lucht féachana a bhaineann úsáid astu agus cumas na Gaeilgeoirí atá i gceist (iad ar bheagán Ghaeilge nó atá líofa).

Athrú tagtha ar cheantair ina bhfuil suim ar Ghaeige

Athrú tagtha ar cheantair ina bhfuil suim ar Ghaeige

Is tríd an Idirlíon gur féidir cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge ar ábhair ar bith in aon áit ar dhomhain.

Cosúil le teicneolaíocht, tá an Ghaeilge ag athrú go leanúnach. Mar a dúirt Tomaí Ó Conghaile, bíonn teicneolaíocht “fite fuaite” leis an iriseoireacht na linne seo, agus mar sin, caithfear a rá nach féidir éalú óna meáin idirlíonta Ghaeilge.

Tá cúpla nithe ann a caithfear a admháil:

  • Ní mhairfidh an mhionteanga gan an bhunteanga-nó an Ghaeilge gan an Béarla-riamh.

“any use by minoruty language mediacommunities of new media technologies…is likely to bring with it more majority language media”[10]

 Bíonn an chumhacht ag na meáin Béarla i gcónaí de bharr a bhfuil luaite thíos

  • Beidh iarrachtaí meáin Ghaeilge curtha ar fáil ar mhaithe cultúir agus féinaitheantais i gcónaí, rud a chuireann teorainn uirthi mar mheáin a mhaireann chomh láidir is atá na meáin trí Bhéarla.
    • Ní ghlactar go forleathan gur rud tairbhiúla é seo
    • Agus í ina mionteanga, beidh iarrachtaí ceangailte le seirbhísí foghlamtha i gcónaí

Ach le athruithe ag teacht ar an saol le ré na hIdirlín, nach féidir a rá go bhfuil ag éirí leis an nGaeilge athruithe teicneolaíochta a leanúint-nach gciallaíonn sé sin gur rathúil an acmhainn ilmheánach atá inti? Seans go dtugann na meáin shóisialta deis níos fadtéarmaí dúinn an Ghaeilge a chur chun cinn mar uirlis cumarsáide seachas siombail cultúrtha.


[1]O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormack, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch223
[2]O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormack, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 222
[4]TG4, 2012,Seirbhísí Fotheideal TG4, [Ar líne] Ar fáil: http://www.tg4.ie/en/corporate/tenders.html [Léite ar 9 Aibreáin 2012][5]Cormack, M. 2007, The Media and Language Maintenance IN: Cormack, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd.[6]Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Claith, Cois Life Teoranta, lch21
[7]Raidió na Life, 2011, Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal?, 11 Samhain 2011, [Ar line] http://www.raidionalife.ie/podcast/sem.xml [Léite ar 2 Aibreáin 2012]
[8]Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Claith, Cois Life Teoranta, lch5
[9] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Claith, Cois Life Teoranta, lch5
[10]Cormack, M., Hourigan, N., 2007, Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies, Great Britain, Multilingual Matters Ltd. lch 59
Advertisements

Abair Leat Beo!-an Chéad Ghreasán Shóisialta Mhiontheangach

Níl teanga láidir ar bith ar domhain nach bhfuil meáin cumarsáide iontach láidir acu-caithfidh sé a bheith sláintiúil, ag dul ó neart go neart agus ag dul chun cinn i gcónaí [1]. Feictear anseo le Abair Leat Beo go bhfuil an-iarracht i gceist leis an nGaeilge a chur chun cinn sa phatrún sin chomh maith.

Tagraíonn Browne seacht n-eilimint a chaithfear a bheith i bhfeidhm ionas go mbeadh forbairt agus rath ag meáin mhionteangacha.

  1. Daoine tiomnaithe a bhailiú
  2. Tacaíocht ó eagraíocht amháin ar a laghad ón sochaí thromlach
  3. Tacaíocht ó cúpla daoine a bhfuil tionchar acu laistigh den sochaí mhionlach
  4. Éileamh réasúnta maith trí phoiblíocht mheáin theanga thromlaigh ionas gur féidir le meáin mhionteanga seirbhísí leictreonach a fhorbairt
  5. Comhairle, traenáil agus trealamh ó mheáin mhionteanga
  6. Imeachtaí móra chun tacú agus aird na ndaoine a mhealladh chuig an bhfeachtas
  7. Geilleagar atá réasúnta slán le linn an feachtais

Feictear dom anseo, go bhfuil an chuid is mó acu curtha i bhfeidhm ag Abair Leat Beo.

  1. Tosaíodh obair ar an suíomh i gColáiste Lurgan 2008. Triaileadh Abair Leat Beo i measc na scoláirí samhraidh i 2011.
  2. Fantasy Interactive ag obair in éineacht le Coláiste Lurgan chun an suíomh a chur i láthair. Tá comhairle, trealaimh agus úsáidtear bogearraí a bhíonn in úsáid ag GoogleTranslate.
  3. /5. Is féidir glacadh le Des Bishop mar dhuine le tionchar agus cúlra taobh thiar de. [1] D’fhan Des sa Ghaeltacht i 2008 chun Gaeilge a fhoghlaim agus léargas a thabhairt ar theanga dhúchais na hÉireann. Tá cáil air mar fhuirseoir agus is mór an phoiblíocht a thugann sé don shuíomh mar sin.

Is léir ó fhigiúirí Facebook agus Twitter go bhfuil éileamh ar na meáin shóisialta in Éireann. Mar a dúirt Ó Foighil, tá roinnt tréithe a bhaineann lena suímh seo curtha le Abair Leat Beo. Ach ní leor na nithe sin a thuilleadh agus meáin na hidirlíne i gceist. Dar le Mícheál Ó Foighil, ní féidir le suíomh ar nós Abair Leat Beo maireachtáil gan fheidhmchláir ghuthán a chur ar fáil freisin, sin an chaoi ina chuirtear gréasáin shóisialta chun cinn.

[1]Cormack, M., Hourigan, N., 2007, Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies, Great Britain, Multilingual Matters Ltd. lch 8
[2] http://www.desbishop.com/

Suirbhé: An bhfuil tóir ar an nGaeilge sa mheáin?

Líon 100 mac léinn suirbhé ar a dtugtar “What Role Does Media Through Irish Play in Your Life?” air. Ar an bhformhór, ba dhearfach na torthaí, go háirithe maidir le hiompair na Gaeilge ar an Idirlíon. [1]

Cé chomh minic a úsáidtear meáin trí Ghaeilge?

Úsáideann beagnach 40% de mhic léinn na meáin trí Ghaeilge uair amháin sa tseachtain nó níos mó agus is ar an teilifís a bhfuil an éileamh is mó ar an nGaeilge. le 80% á húsáid.

Na meáin Ghaeilge a úsáidtear den chuid is mó

Na Meáin Shóisialta a bhfuil an éileamh is mó orthu trí Ghaeilge-62% Facebook trí Ghaeilge

Is léir go bhfuil an-dul chun cinn i gceist don Ghaeilge mar uirlis cumarsáide ar líne. Le cúig bhliain anuas tá méadú 1530% tagtha orthu siúd le cuntas ar an láithreán líonraithe shóisialta seo, staidreamh a thugann seans mór don Ghaeilge a bheith in úsáid go forleathan le breis is 60% de mhic léinn a líon an suirbhé a úsáid Facebook trí Ghaeilge ar uair amháin nó eile ina saol.

Iad siúd a bhain úsáid Facebook trí Ghaeilge

Cé go dtuairimíocht amach is amach an 90% a cheapann go bhfuil todhchaí don Ghaeilge ar líne, caithfear glacadh leis seo go bhfuil siad réasúnta sásta leis na meáin thraidisiúnta  atá ar an bhfód faoi láthair. Is léir go bhfuil dul chun cinn i gceist le Gaeilge ar líne.

there are optimistic views that emphasise the ease of new media, and the broadening of the spectrum of available media [2]

An bhfuil todhchaí don Ghaeilge ar líne?

Is féidir a rá go rachaidh an Ghaeilge chun cinn ar líne agus an aois ghrúpa is mó atá i gceist le húsáideoirí Facebook (18-34bln) beagnach leath na ún-sáideoirí go léir. Seo an aois ghrúpa ina bhfuil na mic léinn ón suirbhé seo lonnaithe.


[1]Suirbhé, Márta 2012, What Role Does Irish Language Media Play in Your Life? Cormack, M., Hourigan, N., 2007, Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies, Great Britain, Multilingual Matters Ltd. lch 46
[2]Cormack, M., Hourigan, N., 2007, Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies, Great Britain, Multilingual Matters Ltd. lch 58
[3]The Sociable, 2012, Irish Facebook Statistics for August 2011 from Edelman [Ar líne] Ar fáil:http://sociable.co/social-media/44-percent-of-irish-population-on-facebook/attachment/facebook-info-ireland-august-2011/ [Léite ar 9 Aibreáin 2012]

Cén leas atá le baint aisti?

Níl sé soiléir cé chomh lárnach is atá na meáin chun mionteanga a chur chun cinn, agus daoine a spreagadh chun í a labhairt (go háirithe agus teilifís agus Idirlíon i gceist) Is féidir féachaint ar chláir trí Ghaeilge ach labhrófaí fúthu i mBéarla den chuid is mó, nó, ní labhrófaí fúthu ar chor ar bith. Seans go bhfuil an sprioc athraithe-nach é an féin aitheantas nó pobal ar leith ina tháirge is mó den mheáin teangacha mionlach.[1]

Níl aon fhianaise ann go méadaíonn suim i mionteanga trí níos mó meán Gaeilge a chur ar fáil, nó le réimse níos leithne a chur leis na meáin Ghaeilge go mairfidh an teanga sa thodhchaí[2]

“most people working in minority language media have no doubt as to the usefulness of their work, but there is a paucity of empirical evidence”[3]

Seans gur féidir linn teacht ar táirge inláimhsithe le ráta fostaíochta sa mheáin teangacha mionlach a thomhas.

Ar an Taifead

Pléann Delap teacht na meáin teilifíse trí Ghaeilge agus TG4 ar an bhfód agus gan dabht ina aigne aige, chruthaigh na meáin trí Ghaeilge i fhad níos mó deiseanna agus éagsúlachta sa phoist a cuireadh ar fáil d’iriseoirí Gaeilge[4]

Dar leis, is taithí oibre den chéad scoth a leithead Raidió na Life dóibh siúd ag iarraidh dul chun cinn sa mheáin a dhéanamh. Tugtar deis do dhaoine óga obair go deonach agus taithí a bhaint amach atá fíor luachmhar dá CV.[5]

Tugtar deis oibre d’iriseoirí Gaeilge lena Achtanna Craolacháin a thugann dualgas do RTÉ Gaeilge a chraoladh. Tá deiseanna fostaíochta ar fáil mar sin:

  • tuairim is 35 duine fostaithe ag Nuacht RTÉ/TG4, an formhór siúd lonnaithe i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.
  • Tá tuairim is seachtar duine dhéag fostaithe ag RTÉ i Rannóg na gClár Gaeilge, Ilchultúrtha agus Oideachais-léiritheoirí agus tuairisceoirí go príomha. [6]

Ciarán Ó Coghnaile

Oibríonn Ciarán le TG4 ó am go ham le cláir faisnéise a chur le chéile. Ach ní hé an ghairm bheatha atá ag Ciarán ina gnáthshaol. Is radagrafaí é i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Admhaíonn sé go gcabhraíonn an Gaeilge leis agus é ina Ghaeilgeoir ó dhúchas.

“Thosaigh mé amach ag déanamh geamaireachtaí le “Pléaraca Chonamara” nuair a bhí mé ceithre bhliana déag d’aois….. Anois tá mé mar bhaill go “Taibhdhearc na Gaillimhe. Bhí suim agam i gcónaí sna meáin/dramaíocht, cinnte…. Fuair mé ról i Ros na Rún ach ní raibh ábalta é a thógáil de bharr scoil. Ag an am sin thosaigh mé ag déanamh guest presenting ar Cúla 4 le Hiudaí…”

Feictear domsa go gcabhraíonn cumas Ghaeilge le dul chun cinn a dhéanamh sa mheáin Bhéarla. Tá sé níos éasca dul chun cinn a dhéanamh sa mheáin Ghaeilge, áfach, más Ghaeilgeoir dúchasach atá ionat.

“Maidir leis an Ghaeilge, cinnte cabhraíonn sé go mór domsa go bhfuil sí am go nádúrtha. Is breá le TG4 cainteoirí nádúrtha ach má tá Gaeilge líofa agat, níl fáth ar bith ann nach mbeifeá in ann obair a fháil. Ar nós rud nó duine ar bith sna meáin/teilifís, caithfidh tréithe speisialta a bheith agat, caithfidh tú ceisteanna a fhreagairt ar nós”cén fáth ar cheart TG4 mise a phiocadh seachas an duine eile?”

Feictear dúinn anseo go bhfuil ceist an iriseoireacht fós i bhfeidhm-más rud é go bhfuil an obair ar chaighdeán agus luach áirithe, glacfar leis agus ní haon eisceacht í an Ghaeilge agus post sa mheáin a fháil.


[1] , M. 2007, The Media and Language Maintenance IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 57
[2] , M. 2007, The Media and Language Maintenance IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 58
[3] Cormack, M. 2007, The Media and Language Maintenance IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 52
[4] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch2
[5] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch21
[6] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta
[7]Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch22
[8] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch46

Díospóireacht: Iriseoireacht na Gaeilge

“One of the most striking and significant differences between major and endangered minority languages and their respective media is the extent to which the minority languages may have to rely on substantial amounts of translated material rather than original material”[1]

Ní féidir a shéanadh ach go bfhuil dúshlán i gceist le meáin teangacha mionlacha agus eolas nua a chur ar fáil. Ní hamháin go bhfuil scéal le scaipeadh ach is é mar aidhm acu an mhionteanga a chur chun cinn i measc na meáin teangacha thromlacha chomh maith.[2]

Pléann Ciarán Dunbar, Eagarthóir ar Gaelscéal, na meáin clóite trí Ghaeilge. Dar leisean, ní féidir post a fháil leis an meáin Ghaeilge chlóite gan a bheith ag léamh go rialta trí Ghaeilge. Tugtar cúis dúinn i gcás na meáin chlóite anseo-ábhar léitheoireachta le dul i dtaithí leis an gcló trí Ghaeilge. Ach an léitheoireacht nuachta nó acmhainn foghlamtha atá i gceist?  Is éard a ionann “scéal” nó “nuacht” de réir Dunbar, ná aon eolas nach bhfuil a fhios ag aon duine air cheana féin; rud éigin a théann i bhfeidhm ar dhuine. [3]  An féidir scéal a bhriseadh trí mheáin na Ghaeilge? Dar le hEibhlín Ní Chonghaile, is féidir, mar a chloisimid ón píosa seo:

Podcraoladh ar Eibhlín Ní Chonghaile ag Oireachtas na Samhna

An ionann bás na nuachtáin bás na Gaeilge?

Dar le hiriseoir Pól Mac an Draoi, is mó an eagla a bhí roimh meáin nua; teilifís agus raidió, ag cur iriseoireachta clóite i mbaol. Faoi láthair agus foilseacháin á chur go leictreonach ar líne, is mó an dúshlán atá i gceist le titim leanúnach bhliantúil 6% ar dhíolacháin na bpáipéir nuachta sna blianta beaga anuas. Ní locht na meáin clóite trí Ghaeilge atá i gceist, dar leis, ach fadhb na nuachtáin go ginearálta.

Is éard a ionann na meáin úra ar líne, de réir Mac an Draoi, ná go bhfuil idir-ghníomhacht agus rannpháirteach níos inrochtana do dhaoine lena bhfuil ag dul ar aghaidh sa nuacht. Sin tréith a thugtann iriseoireacht sráide dúinn; soláthar nuachta nach bhfuil céad faoin gcéad iontaofa nó gur féidir dul in iomaíocht lena meáin clóite, agus dá thoradh, na meáin Ghaeilge go deo.

“Ní leor scéal a bheith agat, caithfidh tú é a insint chomh maith” ~Gay Byrne, RTÉ[4]

Deir Uinsionn Mac Dubhghaill ón Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, nach leor é sin a rá go bhfuil iriseoireacht chlóite agus iriseoireacht Ghaeilge ag meath de bharr meath díolacháin na bpáipéir nuachta, áfach.

Tá ardchaighdeán agus forbairt mhór á teastáil chun tacú le hiriseoireacht sa lá atá inniu ann;

“Níl aon iriseoireacht Gaeilge nó iriseoireacht Béarla, níl ann ach dea-iriseoireacht agus droch-iriseoireacht”

Is le titim i gcaighdeáin iriseoireachta agus réimse ró leathan nuachtáin atá an méadú seo le feiceáil.

Maoiniú Ceart

Feictear brú curtha ar mhaoiniú de bharr fonn éagsúlacht leathan a shásamh agus a chur ar fail chun suim na lucht féachana, lucht éisteachta agus an lucht léitheoireachta a chaomhnú.[5]

 “the content of minority language media sometimes gives the impression that the linguistic identity is the only one that matters, but other identities-political, sub-regional, religious-can cut across linguistic lines”[6](Mike Cormack, 2000:11)

Deir Mac Dubhghaill go bhfuil “an subh scaipthe ró-thanaí” agus dhá pháipéir nuachta a maoiniú; Gaelscéal agus Foinse. B’fhearr leis “cleamhnas eatarthu” a dhéanamh agus páipéar amháin ar ardchaighdeáin na Gaeilge agus na hiriseoireachta a chur chun cinn le linn “ré idirthréimhseach” agus an t-idirlíon ag éirí níos láidre fad is atá meath ar éileamh na leagan clóite. Bheadh níos mó smachta i gceist don mhaoinitheoir, Foras na Gaeilge, airgead a dhíriú ar iriseoireacht agus eagarthóireacht seachas an iomarca airgid a íoctar ar dháileacháin, clódóireacht agus riaracháin.

Brendán Delap

“Cé gur geisfhocal margaíochta í an “súil eile” agus voxpop a dhéanamh ar an Fhaiche Mhór seachas ar Shráid Grafton. Níl ansin ach aistriú suímh. Ba cheart go mbeadh sé i bhfad níos réabhlóidí sin. Is léir nach fiú D Four a mhalartú ar G Four!”[8]

De réir Delap, tá na meáin thraidisiúnta Ghaeilge lonnaithe go bhformhór i gConamara. Bhí sean-mhuintir na Gaeltachta sásta meáin nach raibh bunaithe ar chúrsaí i mBaile Átha Cliath a fháil ach, le himeacht ama, ba léir go raibh an Ghaeilge bunaithe sa Ghaeltacht amháin gan chumas leathanú a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge. Is féidir athrú a fheiceáil lena meáin ar líne. Tóg mar shampla leanntóireacht Facebook ar TG4.

Leantóireacht TG4 ar Facebook 2012

Tá an formhór na 12,000 daoine gur mhaith leo an leathanach bunaithe i mBaile Átha Cliath.

Tá laghdú ar an éileamh atá ar nuachtáin Gaeilge gan amhras, ach seans ann nach laghdú atá i gceist amháin ach athrú formáid na nuachtáin-nuachtáin leictreonach. Le teacht na hidirlíne tá athrú sa lucht léitheoireachta agus ceantair ina bhfuil suim iontu. D’fhéadfaí a rá go bhfuil meáin shóisialta ag cur meán Gaeilge atá níos inrochtana ar fáil.


[1] O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch. 216
[2] O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch. 217
[3] Léacht in OCBÁC, 2ú Márta 2012
[4] Raidió na Life, 2011, Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal?, 11 Samhain 2011, [Ar líne] http://www.raidionalife.ie/podcast/sem.xml [Léite ar 2 Aibreáin 2012]
[5] O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch. 220
[6] O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch. 221
[7] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís, Fuaim agus Focal,Báile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch 3
[8] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís, Fuaim agus Focal,Báile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch 6
[9] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís, Fuaim agus Focal,Báile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch 6
[10] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís, Fuaim agus Focal,Báile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch 57
[11] O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 221
[12] O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 222
[13] O Connell, E. 2007, Translation and Minority Language Media: Potential and Problems: An Irish Perspective IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch223

Gaeilge ar an Idirlíon

Ní féidir éalú ó theicneolaíocht nua, cibé teanga ina bhfuil sí; Gaeilge nó Béarla. Dar le Tomaí Ó Conghaile, Nuacht24.ie, ní féidir neamhaird a dhéanamh ar an tionchar atá ag teicneolaíocht úra ar iriseoireacht agus go mbeidh siad fite fuaite lena chéile as seo amach.[1]

Is éard a bhéas i gceist don mheáin thraidisiúnta ná teacht le chéile mar acmhainn amháin ar líne; rud a laghdóidh fadhb costais agus infheistíochta, go háirithe i gcás na meáin clóite agus teilifíse.

Tóg mar shampla seirbhísí leictreonacha a bhíonn ar fáil ar líne amháin:

  • www.beo.ie Iris leictreonacha agus acmhainn fhoghlama teanga ar líne a chuireann gné-ailt agus ábhair suimiúla léitheoireachta ar fáil. Is féidir le héinne ar domhain teacht ar an tseirbhís Gaeilge seo.
  • www.gaelport.com Láithreán a chuireann an nuacht is déanaí i leith na Gaeilge ar fáil, chomh maith leis an nGaeilge a chur chun cinn trí áiseanna foghlamtha a nascadh.
  • www.nós*mag.ie Cuireadh tús leis i Márta 2008. Bíonn ailt, físeáin agus ábhair siamsúil spreagúil curtha i láthair ann. Is ar cheol, dhrámaíocht, stíl, thaistil, agus ealaíona na hÉireann a bhfuil an suíomh bunaithe.

Tá buntáistí ag na meáin Bhéarla nach bhfuil ag na meáin Ghaeilge; lucht féachana móra, neart maoinithe agus infheistíochta ón stáit, níos mó acmhainní agus trealaimh. Is éard a chaithfear a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge, de réir Tomaí Ó Conghaile, ná a bheith glic sa chaoi ina n-úsáidtear teicneolaíocht nua agus na meáin ar líne.

Tá méadú 55% le feiceáil idir an méid cuairteoirí sainiúla a bhí ag féachaint ar shuíomh TG4 ó 2009 go 2010. Is mór an méadú atá ann idir imprisean leathanach le beagnach 40% idir 2009 agus 2010 chomh maith. Feictear go bhfuil an chun cinn i ndán don suíomh arís i mbliana, le beagnach 20% de na figiúir ó 2010 faighte i mí Feabhra 2012 amháin. [2]

Figiúirí ag baint le hiompar idirlíne ar TG4ie

Gréasáin Shóisialta

Is mór an méadú atá ann san éileamh ar Facebook in Éirinn faoi láthair. Méadú suntasach iontu siúd ina mball Facebook le 5 bhliain anuas. [3]

Méadú suntasach iontu siúd ina mball Facebook le 5 bhliain anuas

Méadú suntasach iontu siúd ina mball Facebook le 5 bhliain anuas

Tá Gaeilge ar fáil mar Rogha Teanga ar Facebook agus fiú ag léamh an blag seo, feictear go bhfuil WordPress.com ar fáil trí Ghaeilge, le lipéid, socruithe agus fiú amháin seiceálaí litrithe Gaeilge ar fáil.

Cuntas Facebook ag feidhmiú trí Ghaeilge

Cuntas Facebook ag feidhmiú trí Ghaeilge

Láithreán Gaelscéal

Ceapann Ó Conghaile nach mbeidh gá le nuachtáin ar chor ar bith le na tríocha atá bliain le teacht-go háirithe i leith na Gaeilge.

Dar leisean, ní féidir leo dul in iomaíocht leis an idirlíon. Tá nuachtáin ag cur a gcuid eolais ar fail go leictreonach ar a shuímh idirlíne féin.

  • Láithreán Foinse

Gan dabht tá bagairt i gceist d’iriseoireacht na Gaeilge.

Ach an féidir leas a bhaint as iriseoireacht leictreonach seachas meán iomlán amháin a chailleadh?

Léigh níos mó anseo


[1] Raidió na Life, 2011, Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal?, 11 Samhain 2011, [Ar líne] http://www.raidionalife.ie/podcast/sem.xml [Léite ar 2 Aibreáin 2012]
[2] TG4 2012, Buneolas, [Ar líne] Ar fáil: http://www.tg4.ie/ie/corporate/background.html [Léite ar 11 Aibreáin]
[3] The Sociable, 2012, Irish Facebook Statistics for August 2011 from Edelman [Ar líne] Ar fáil: http://sociable.co/social-media/44-percent-of-irish-population-on-facebook/attachment/facebook-info-ireland-august-2011/  [Léite ar 9 Aibreáin 2012]

Réamhrá-Ag leanacht ar Delap

Is ábhar mór díospóireacht í an Ghaeilge sa lá atá inniu ann. Fiú amháin agus neart acmhainní meán ar fáil trí Ghaeilge, bíonn barúil ina coinne le brath ón phobal;

Not very good at it and it’s not very popular…it’s too much effort… My level of Irish is too poor for me to be able to understand anything in the media… it doesn’t have enough importance to those who live outside native regions”[1]

Ach is beag an tuairimíocht a fhéadfaí a dhéanamh ar an meon sin gan a bheith ar an eolas faoin fhorbairt atá déanta go dtí seo.

Faoi láthair, tá an Ghaeilge le feiceáil sna meáin seo a leanas; nuachtáin, raidió agus teilifís.

  • Díoltar tuairim is 2000 cóip den fhoilseacháin Gaelscéal go seachtainiúil i mbreis is 500 baile timpeall na tíre. [2][3]. Cuirtear Foinse  ar fáil saor in aisce leis an Irish Independent.
  • Raidió na Gaeltachta: á chraoladh 24 uair in aghaidh an lae le raon leathan cláir. Freastalaíonn an stáisiúin ar nuacht áitiúla na ceithre cheantar in Éirinn.[4]
  • TG4: Bíonn 650,000 leantóir ag féachaint ar an gcainéal Gaelach. Tá an t-ochtú éileamh is mó ar an gcainéal seo in Éirinn.[5]

Ní féidir a shéanadh an iarracht a raibh i gceist le tús agus forbairt a dhéanamh leis na meáin seo. Ach an bhfuil siad fós ag forbairt? An bhfuil an Ghaeilge ag maireadh mar mheán inmharthana agus ag comhlíonadh meáin na linne?

Le Cúig Bhliain Anuas

Is léir domsa cúpla nithe:

  • Tá nuachtáin Ghaelach ag streachailt.
    • Níl foilseacháin ag maireadh go leanúnach
    • Is iomaí maoinithe ach is beag lucht léitheoireachta atá i gceist.
    • Tá níos mó ciorclaíochta i gceist le foilseacháin a chur ar fáil saor in aisce.
  • Tá Raidió na Gaeltachta níos rathúla i gceantair Gaeltachta.
    • Is beag an pobal áitiúla atá i gceist lena leithead Raidió na Life agus RíRá agus raidió nach gcraoltar go beo ach ar an idirlíon amháin.
  • Is léir go bhfuil neart rath le feiceáil ó thaobh meáin teilifíse agus an Ghaeilge de.
    • Le láithreoirí tarraingteacha
    • Cláir a bhfuil tóir mhór orthu, ar nós cláir spóirt
    • Iliomad maoinithe ón stáit [6]

Ach ní féidir a shéanadh rud amháin faoina meáin seo go léir. Is trí shuímh ar líne a bhfuil an chuid is mó den eolas ar fáil uathu. Gan dabht, cuireann sé sin isteach ar a leithead na nuachtáin ach is léir, chomh maith, gur bhfiú é ar fáth éigin nó eile. An bhfuil todhchaí na Gaeilge le fáil air?

Tugtar misneach dom don todhchaí lena bhfuil ráite ag Breandán Delap;

“Tá borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir meáin fhíse agus mheáin chlóite, le tríocha bliain anuas. Tá ár stáisiún teilifíse féin againn anois, rud nach raibh ina aisling fiú tríocha bliain ó shin”[7]

Níl a fhios againn a bhfuil i ndán don mheáin Ghaeilge sna tríocha bliain atá le teacht. Bhí streachailt agus iarracht mhór i gceist leis na meáin Ghaeilge a bhunú agus a fhorbairt. Le teacht teicneolaíochta nua ar an saol, tá seans ann don Ghaeilge dul chun cinn trí mheáin idirghníomhach agus dá thoradh sin, seans go bhfuil Ré Nua na Meáin trí Ghaeilge ag teacht inár dtreo-an chéad céim eile i stair na meáin Ghaeilge.


[1] Suirbhé, Márta 2012, What Role Does Irish Language Media Play in Your Life?
[2] Gaelscéal 2012, Faigh Gaelscéal, [Ar líne] Ar fáil: http://gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=section&id=28&Itemid=87  [Léite ar 2 Aibreáin 2012]
[3] Ó Muirí, P. 2011, Foras na Gaeilge míshásta le díolachán an nuachtáin Gaelscéal, The Irish Times, [Ar líne] Ar fáil: http://www.irishtimes.com/newspaper/anteangabheo/2011/1102/1224306910942.html [Léite ar 2 Aibreáin 2012]
[4] RTÉ Raidió na Gaeltachta 2012, Stair RTÉ Raidió na Gaeltachta, [Ar line] Ar fáil: http://www.rte.ie/rnag/stair.html [Léite ar 2 Aibreáin 2012]
[5] TG4 2012, Corparáideach, Cúlra [Ar líne] Ar fáil: http://tg4.ie/ie/corporate/background.html  [Léite ar 2 Aibreáin 2012]
[6] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís, Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch 2
[7] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís, Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch 6