Abair Leat Beo!-an Greasáin Shóisialta Mhionteangach Nua

Níl teanga láidir ar bith ar domhain nach bhfuil meáin cumarsáide iontach láidir acu-caithfidh sé a bheith sláintiúil, ag dul ó neart go neart agus ag dul chun cinn i gcónaí [1]. Feictear anseo le Abair Leat Beo go bhfuil an-iarracht i gceist leis an nGaeilge a chur chun cinn sa phatrún sin chomh maith.

Tagraíonn Browne seacht eilimint a chaithfear a bheith i bhfeidhm ionas go mbeadh forbairt agus rath ag meáin teangacha mionlach.

  1. Daoine tiomnaithe a bhailiú
  2. Tacaíocht ó eagraíocht amháin ar a laghad ón sochaí thromlach
  3. Tacaíocht ó cúpla daoine a bhfuil tionchar acu laistigh den sochaí mhionlach
  4. Éileamh réasúnta maith trí phoiblíocht meán teanga tromlaigh ionas gur féidir le meáin teanga mionlach seirbhísí leictreonach a fhorbairt
  5. Comhairle, traenáil agus trealamh ó mheáin teanga tromlaigh
  6. Imeachta móra chun tacú agus aird na ndaoine a mhealladh chuig an feachtas
  7. Geilleagar atá réasúnta slán le linn an feachtais

Feictear dom anseo, go bhfuil an chuid is mó acu curtha i bhfeidhm le Abair Leat Beo.

  1. Thosaíodh obair ar an suíomh i gColáiste Lurgan 2008. Thriaileadh Abair Leat Beo i measc na scoláirí samhraidh i 2011.
  2. Fantasy Interactive ag obair in éineacht le Coláiste Lurgan chun an suíomh a chur i láthair. Tá comhairle,trealaimh agus bogearraí a bhíonn in úsáid ag GoogleTranslate in úsáid.
  3. /5. Is féidir glacadh le Des Bishop mar dhuine le tionchar agus cúlra taobh thiar de. [1] D’fhan Des sa Ghaeltacht i 2008 chun Gaeilge a fhoghlaim agus léargas a thabhairt ar theanga dúchais na hÉireann. Tá cáil air mar fuirseoir agus is mór an poiblíocht a thugann sé don shuíomh mar sin.

Is léir ó figiúirí Facebook agus Twitter go bhfuil éileamh ar na meáin shóisialta in Éireann. Mar a dúirt Ó Foighil, tá roinnt tréithe a bhaineann lena suímh seo curtha le Abair Leat Beo. Ach ní leor na nithe sin a thuilleadh agus meáin na hidirlíne i gceist. Dar le Mícheál Ó Foighil, ní féidir le suíomh ar nós Abair Leat Beo maireachtáil gan feidhmchláir guthán a chur ar fáil freisin, sin an chaoi ina chuirtear gréasáin shóisialta chun cinn.

[1]Cormack, M., Hourigan, N., 2007, Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies, Great Britain, Multilingual Matters Ltd. lch 8
[2] http://www.desbishop.com/
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s