Cén leas atá le baint aisti?

Níl sé soiléir cé chomh lárnach is atá na meáin chun mionteanga a chur chun cinn, agus daoine a spreagadh chun í a labhairt (go háirithe agus teilifís agus Idirlíon i gceist) Is féidir féachaint ar chláir trí Ghaeilge ach labhrófaí fúthu i mBéarla den chuid is mó/ní labhrófaí fúthu ar chor ar bith. Seans go bhfuil an sprioc athraithe-nach í an féin aitheantas nó pobal ar leith ina tháirge is mó den mheáin teangacha mionlach.[1]

Níl aon fianaise ann go méadaíonn suim i mionteanga trí níos mó meán Gaeilge a chur ar fáil, nó le réimse níos leithne a chur leis na meáin Ghaeilge go mairfidh an teanga sa thodhchaí[2]

“most people working in minority language media have no doubt as to the usefulness of their work, but there is a paucity of empirical evidence”[3]

Seans gur féidir linn teacht ar táirge inláimhsithe le ráta fostaíochta sa mheáin teangacha mionlach a thomhais.

Ar an Taifead

Pléann Delap teacht na meáin teilifíse trí Ghaeilge agus TG4 ar an bhfód agus gan dabht ina aigne aige, cruthaigh na meáin trí Ghaeilge i fhad níos mó deiseanna agus éagsúlacht sa phoist a cuireadh ar fáil d’iriseoirí Gaeilge[4]

Dar leis is taithí oibre den chéad scoth a leithead Raidió na Life dóibh siúd ag iarraidh dul chun cinn sa mheáin a dhéanamh. Tugtar deis do dhaoine óga obair go deonach agus taithí a bhaint amach atá fíor luachmhar dá CV.[5]

Tugtar deis oibre d’iriseoirí Gaeilge lena Achtanna Craolacháin a thugann dualgas do RTÉ Gaeilge a chraoladh. Tá deiseanna fostaíochta ar fáil mar sin:

  • tuairim is 35 duine fostaithe ag Nuacht RTÉ/TG4 a bhformhór siúd lonnaithe i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.
  • Tá tuairim is seacht nduine dhéag fostaithe ag RTÉ i Rannóg na gClár Gaeilge, Ilchultúrtha agus Oideachais-léiritheoirí agus tuairisceoirí go príomha. [6]

Ciarán Ó Coghnaile

Oibríonn Ciarán le TG4 ó am go ham le cláir faisnéise a chur le chéile. Ach ní hé an gairm bheatha atá ag Ciarán ina gnáthshaol. Is radagrafaí é i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Admhaíonn sé go gcabhraíonn an Gaeilge leis agus é ina Ghaeilgeoir ó dhúchas.

“Thosaigh mé amach ag déanamh geamaireachtaí le “Pléaraca Chonamara” nuair a bhí mé ceithre bhliana déag d’aois….. Anois tá mé mar bhaill go “Taibhdhearc na Gaillimhe. Bhí suim agam i gcónaí sna meáin/dramaíocht, cinnte…. Fuair mé ról i Ros na Rún ach ní raibh ábalta é a thógáil de bharr scoil. Ag an am sin thosaigh mé ag déanamh guest presenting ar Cúla 4 le Hiudaí…”

Feictear domsa go gcabhraíonn cumas Ghaeilge le dul chun cinn a dhéanamh sa mheáin Bhéarla. Tá sé níos éasca dul chun cinn a dhéanamh sa mheáin Ghaeilge, áfach, más Ghaeilgeoir dúchasach atá i gceist.

“Maidir leis an Ghaeilge, cinnte cabhraíonn sé go mór domsa go bhfuil sí am go nádúrtha. Is breá le TG4 cainteoirí nádúrtha ach má tá Gaeilge líofa agat, níl fáth ar bith ann nach mbeifeá in ann obair a fháil. Ar nós rud nó duine ar bith sna meáin/teilifís, caithfidh tréithe speisialta a bheith agat, caithfidh tú ceisteanna a fhreagairt ar nós”cén fáth ar cheart TG4 mise a phiocadh seachas an duine eile?”

Feictear dúinn anseo go bhfuil ceist na hiriseoireacht fós i bhfeidhm-más rud é go bhfuil an obair ar chaighdeán agus luach áirithe, glacfar leis agus ní haon eisceacht í an Ghaeilge agus post sa mheáin a fháil.


[1] , M. 2007, The Media and Language Maintenance IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 57
[2] , M. 2007, The Media and Language Maintenance IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 58
[3] Cormack, M. 2007, The Media and Language Maintenance IN: Cormach, M., Hourigan, N., (eds.) Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Great Britain, Multilingual Matters Ltd., lch 52
[4] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch2
[5] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch21
[6] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta
[7]Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch22
[8] Delap, B. 2007, Ar an Taifead: Fís Fuaim agus Focal, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta, lch46

Freagra